D’imigh sé go Bristol in Sasana in 1959 ar feadh sé mhí. Bhí fear ansin ar a raibh aithne aige. Fuair sé obair mhaith ansin ar 40 punt sa tseachtain ag leagan príomhlíonraí gás, ag tochailt amach díogacha 6 troighe ar dhoimhne. Bhí obair chrua ann. Théadh sé ar an bhus ar maidin, ag fanacht in lóistín a bhí sé. Cur síos ar a am sa lóistín agus cuid de na fir a bhí ann. Chaith na hÉireannaigh léir dena gcuid airgid ar ólachán. Is iomaí fear a d’imigh ar an drabhlás, bhíodh uaigneas ar na daoine a d’imigh ar imirce go minic agus bhíodh cumha orthu i ndiaidh an bhaile. Measann Séamus gur sin an chúis ar ól siad an oiread, bhuail siad le chéile sa teach leanna. | 00:07:30 | |